Ag imtheacht ar astair:- "In ainm an Athar a fuair a' bhuaidh, Agus an Mhic a d'fhulaing an phian, 'Sa' Spiorad Naomh ar mo neart, Muire mór agus a Mac go rabh liom ar mo thriall."
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »
"An codladh sin ort a Mhathair?" "Ní sheadh, ach aisling." "Caidé'n aisling í, a Mhathair?" "Go bhfuil Tusa le do spíonadh 'sle do strócadh Ar na beanna árda udaidh thall, Na cúig rópa chaola chruaidhe chnáibe le beith 'na choróin spíondha ar do cheann. Do chuid fola fíor-uaisle, 'géirigh suas ar leacacha na sráide." "Maith an aisling í, a Mhathair Cé deirfeadh é trí h-uaire ins na ceithre huaire fíchead Níor bhaoghal d'anam Iofrann.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »