Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)
- Suíomh:
- An tÉadan Anfach, Co. Donegal
- Múinteoir: Gráinne Ní Éagrain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bheagán nó a mhórán. Ar ndóighe bhí dúil san bhruighean agam féin i gcómhnuidhe agus ba mhaith liom cuidiú le muinneal lag. Síos liom agus siúd mé a chuidiú leis an chéad fhear. Faraor! ní rabh mé ach ag gabhail go dtí an glún ar an dara diúlach. Mar sin fhéin: "Is beag an rud nach cuidiú é," ars mise, agus thoisigh mé ag greadadh 'sna másaigh ar mo dhiúlach.
Bhí mé ag cur triobloide air agus chuir sé síos a láimh agus tharraing sé aníos mé ar ghreim cinn faoi na bheilt. Thobair go dtachtfaidh mé ach mhair mé ag casadh agus ag lúbarnaigh go dtí san deireadh go bhfuair mé mo cheann liom arís agus thuit mé síos ar an talamh. Bhí an dá churaidh ag greadadh ar a chéile ar fad.
Nuair a fuair mé fhéin mo anal liom shéid mé a ghreadadh fa na múrnáin ath-uair ar an fháthach mhór. Bhí mo chuid buillí ag cuir feirge air agus shín sé síos a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Éagrain
- Inscne
- Baineann