School: Éadan Anfaidh (roll number 10166)
- Location:
- An tÉadan Anfach, Co. Donegal
- Teacher: Gráinne Ní Éagrain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Chá bhfágaim'se an teach seo anocht," ars Fionn Mac Cúmhaill, "go n-innsighidh tú damh, cé thú fhéin caidé'n fáth nach rabh a'n nduine againne ábalta an reithe a cheangailt, agus caidé'n t-ádhbhar nar bh'fhéidir linn an ainnir óg a choingbheailt.
"Innseochaidh mé sin duit agus fáillte," ars an seanduine. "Is mise an bás, 'sé an reithe an saoghal agus 'sí an cailín óg an óige. Shíl sibhse go dtiocfadh libh an saoghal a chur faoi smacht ach sháruigh sé orraibh. Ach os rud é gur mise an bás tá mé i gcómhnuidhe ábalta ag an tsaoghal agus béidh mé ábalta agaibhse in am éighinteacht fosta. Shíl sibh mar a gceadna go dtiocfadh libh an óige a choingbheailt ach shleamhnuigh sí uaibh agus tá sibh ag éirigh sean de réir a chéile. Bheirfidh mé cómhairle díobh. Gabhaigidh na bhaile anois agus na bígidh comh mór-chúiseach dána feasta, nó tcí sibh nach dtig libh an óige a bheith agaibh i gcómhnuidhe, go bhfuil an saoghal ábalta agaibh agus go bhfuil an bás ábalta ag an iomlán.(continues on next page)- Collector
- Gráinne Ní Éagrain
- Gender
- Female