School: Doire Luacháin (roll number 10661)

Location:
Doire Luacháin, Co. Donegal
Teacher:
Máire Ní Bhaoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 131

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 131

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Luacháin
  2. XML Page 131
  3. XML “Jack na Luatha Deirge”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Thug Jack leis an t-achar nimhe agus thug uirthí an pháirc a threabhadh. Bhí an páirc treabhta roimhe an tráthnóna, agus thug Jack leis an t-achar nimhe agus an t-seisreach go sráid a mhaighisteara. “Tabhair amach as m’amharc iad”, arsa a mhaighistir. Thug Jack ar shiubhal iad.
    An tráthnóna ceadhna thóisig an maighistir ag cainnt le na mhnaoi fa Jack. “Thig iarraidh ar Jack rud ar bith a dheánamh”, arsa seisean. “Acht bíodh geall air, go gcuirfhidh mise áit eighin teacht é nach mbéidh deifre air ag teacht arais as”.
    Maidín lá thar na bharach, sgairt an maighistir ar Jack. “Tá poll thall annsin ag dul síos go h-Ifreann. Agus caithfidh túsa dhul síos agus mo athair atá marbh le dhá bliadhain a thabhairt aníos. Tá bearadh dearg air agus aithneochaidh tú mar sin é”, arsa an maighistir. Dimthigh Jack bocht leis, agus stad ná comhnuidhe ní thearn sé go raibh sé ag geaftaí Ifrinn. Diarr (d’feach) sé na geaftaí a fhosgladh acht bhí glas ortha. Bhuail sé na geaftaí leis an bata iarainn agus bhris iad. Isteach leis. Nuair a chuaidh sé isteach bhí deireadh na suidhe thart agus bearaid dhearg ar achan dhuine aca. “Níl fhios agamsa ca bhfuil a shean athair”, arsa Jack. “Acht bhearfhaidh mé aníos an tiomlán aca agus tig leis a shean athair lobhtha a tiocadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0650**: The Strong Youth
    Language
    Irish
    Informant
    Seósamh Ó Dochartaigh
    Gender
    Male
    Age
    26
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    An Sealgán Beag, Co. Donegal