School: Doire Luacháin (roll number 10661)

Location:
Doire Luacháin, Co. Donegal
Teacher:
Máire Ní Bhaoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 126

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 126

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Luacháin
  2. XML Page 126
  3. XML “An Bhanríon Bhictoria”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhí an bhainrioghan Bhictoria marbh thárluigh rud mór i dteach ar na Gleanntaí. Bhí sé na dhligheadh na toighe táibhrinne a bheith druidhte ar an deich o chlog sa’n am sin. Oidhche amháin bhí scaifte daoiní astoigh i dteach taibhrinne indiaidh an deich o chlog. Chualaidh fear a toighe go raibh na saighdiuirí dubha ag teacht agus bhí - an - eagla [ai]? Duine fad-cheannach a bhí ann agus smaoitigh sé ar phlean.
    D’iarr sé ar an bhunadh a bhí astoigh leigean ortha fhéin go raibh siad ag rádh paidrín do anam na bainrioghna bhictoria a bhí faoi clár sa’n am [seo]? Síos ar a n-glúine leis an iomlán aca. Tamall na dhiaidh sin tháinig na saighdiuirí dubha un doras agus d-éirigh duine eighinteacht agus leig isteach iad. Níor dhubhairt an bunadh a bhí astoigh dadaidh acht leanaint, leobhtha ar an phaidrin go duthrachtach. Chuaidh na saighdiuirí dubha a bhí na g-catoilicigh síos ar a n-glúine agus d’fan na saighdiuirí eile go raibh an paidrín thart. Dhubhradh paidrín cúig n-deichneabhar deág agus ní raibh ainmneadh ar an méid ruible a chuir siad leis.
    Tugadh an dligheadh dobhtha cionnus go raibh an teach táibhrinne foscailte indhiaidh an ama. Dubhairt an breitheamh nach dtiocfhadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Gráinne Ní Bhaoighill
    Gender
    Female
    Informant
    Seósamh Ó Baoighill
    Relation
    Parent
    Gender
    Male