School: Na Cruacha (roll number 14879)
- Location:
- Na Cruacha, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Chinnéide
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cruacha
- XML Page 459
- XML “Scéal - Na Triúr Iníonacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sí buille de shlat na draoidheachta uirthí agus rinne cnap salann duithe. Chuaidh an chailleach abhaile annsin agus an t-airgead leí.
Rinne an tríomhadh bean amach annsin go rachadh sí féin ar a saothrughadh mura mbead ann ach athrughadh go bhfeicfeadh si goidé a d'éirigh dá deirbhshiuireacha. D'imthigh sí agus thainig go teach na caillighe. Rinne sí an margadh céadhna leí a rinne a dhá deirbhshiuir roimh ré. Lá amháin nuair a thuit an chailleach ina codhladh d'amharc sí suas an t-seimleóir agus thuit an cheartlín óir agus airgid anuas chuice. Annsin chuardaigh sí agus fuair sí an t-slat draoidheachta agus d'imthigh sí agus deireadh léithe. Tháinig sí godtí an reithe ar téad. " Athruigh mé, athruigh mé, nó níor áthruigheadh mé le seacht mbliadhna"ar seisean.Bhuail sí buille do shlat na draoidheachta air agus d'áthruigh é. Tháinig sí annsin godtí an sean-chapall bán a bhí ar téad agus arsa sé- " Áthruigh mé, athruigh mé nó níor áthruigheadh mé le seacht mbliadhna" Bhuail sí buille de shlat na draoidheachta airsean fosta 7 d'áthruigh é.Annsin tháinig sí go dtí claidhe 7 arsa'n claidhe - " Caith cloch suas orm agus tóg ceann anuas dom óir ní dhearnadh sin le seacht mbliadhna" Bhuail sí buille de shlat na draoidheachta air agus h-áthruigheadh na clocha ar fad. Annsin chuaidh sí go bun an chrainn 7 rinne a sgithiste. Idir an dá am mhusgail an chailleach 7 thug sí fa ndearna an cailín agus an t-airgead ar shiubhal.(continues on next page)- Collector
- Máire C. Ní Chinnéide
- Gender
- Female
- Address
- Kilrean, Co. Donegal