Deirtear fá na Cruachaibh Gorma go bhfuil pota óir i bfolach san oileán agus gur saighdiúir de chlann Mhic Suibhne a gheobhas sa deireadh é. Tá cat ruadh ag coimheád an óir de lá is d'oíche . Caithfidh Mac Suibhne dul amach 'un oileáin i gcurrach agus fanacht amuigh trí h-oidhche. Caithfidh muc marbh a bheith leis agus ar an tríomhadh h-oíche lasfaidh sé teine, caithfidh sé a chóta ar charraig mhór agus caithfidh sé an mhuc sa teinidh.Rachaidh sé féin i bhfolach go gasta agus nuair a mhothuigheas an cat boladh na muice rósta tiocfaidh sé amach . Léimfidh sé ar an charraig agus gheobhaidh Mac Suibhne seans maith le na mharbhadh. Tógfaidh sé a chlaidheamh agus marbhfaidh sé é. Beidh an t-ór aige.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »