Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)

Suíomh:
Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire C. Ní Chinnéide
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 459

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 459

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cruacha
  2. XML Leathanach 459
  3. XML “Scéal - Na Triúr Iníonacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sí buille de shlat na draoidheachta uirthí agus rinne cnap salann duithe. Chuaidh an chailleach abhaile annsin agus an t-airgead leí.
    Rinne an tríomhadh bean amach annsin go rachadh sí féin ar a saothrughadh mura mbead ann ach athrughadh go bhfeicfeadh si goidé a d'éirigh dá deirbhshiuireacha. D'imthigh sí agus thainig go teach na caillighe. Rinne sí an margadh céadhna leí a rinne a dhá deirbhshiuir roimh ré. Lá amháin nuair a thuit an chailleach ina codhladh d'amharc sí suas an t-seimleóir agus thuit an cheartlín óir agus airgid anuas chuice. Annsin chuardaigh sí agus fuair sí an t-slat draoidheachta agus d'imthigh sí agus deireadh léithe. Tháinig sí godtí an reithe ar téad. " Athruigh mé, athruigh mé, nó níor áthruigheadh mé le seacht mbliadhna"ar seisean.Bhuail sí buille do shlat na draoidheachta air agus d'áthruigh é. Tháinig sí annsin godtí an sean-chapall bán a bhí ar téad agus arsa sé- " Áthruigh mé, athruigh mé nó níor áthruigheadh mé le seacht mbliadhna" Bhuail sí buille de shlat na draoidheachta airsean fosta 7 d'áthruigh é.Annsin tháinig sí go dtí claidhe 7 arsa'n claidhe - " Caith cloch suas orm agus tóg ceann anuas dom óir ní dhearnadh sin le seacht mbliadhna" Bhuail sí buille de shlat na draoidheachta air agus h-áthruigheadh na clocha ar fad. Annsin chuaidh sí go bun an chrainn 7 rinne a sgithiste. Idir an dá am mhusgail an chailleach 7 thug sí fa ndearna an cailín agus an t-airgead ar shiubhal.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire C. Ní Chinnéide
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Riáin, Co. Dhún na nGall