School: Na Cruacha (roll number 14879)

Location:
Croaghgorm or Blue Stack Mountains, Co. Donegal
Teacher:
Máire C. Ní Chinnéide

Filter stories

Back
/ 467 Forward
Resolution: Low | High
Na Cruacha | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 417

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

Nuair a d'fhosgail siad an cómhnair bhí fear marbh istoigh ann. Thoisigh an fear mór dubh dá gcur amach agus d'iarr sé ar Sheán cuidiú leis. Dubhairt Seán nach gcuideochadh nó nach dtiocfadh le beirt dhá chloigeann déag a chur amach. Chuir an fear mór dubh é féin amach iad.Thoisigh se annsin ar Sheán agus bhris sé agus bhrúigh se uilig é. La thar na bharach bhí an-iongantas ar an fhear a rabh sé ag obair aige cionnus nach rabh sé ag teacht. Chuaidh sé fa na choinne agus nuair a chonnaic sé caidé mar bhí Seán bhí sé an-bhuadhartha go deo agus thug sé oiread airgid dó is bhearfadh na bhaile é. Tháinig Seán agus Seón na bhaile annsin agus fuair Seán bás agus tá Seón na chomhnuidhe go maith o'n lá sin

(continues on next page)
Collector
Máire C. Ní Chinnéide
Gender
female
Address
Kilrean, Co. Donegal
Informant
Padraig Mac Giobúin
Gender
male
Age
73
Address
Dergroagh, Co. Donegal
Language
Irish