Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)

Suíomh:
Na Cruacha, Co. Donegal
Múinteoir:
Máire C. Ní Chinnéide
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 263

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 263

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cruacha
  2. XML Leathanach 263
  3. XML “Scéal - Loch Finne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    caithfidh sé a dheánamh. Nuair a bhí sé na seacht mbliadhna cothrom ag na Fianna ní rabh aon fhear de na Fianna ionchurtha leis agus bhí éad Fhinn ag méadú chuile lá. Maidean amháin dubhairt Fionn leis" tá sé seacht mbliadhna anois ó tháinig tú chugainne agus anois tá ort dul abhaile chuig d'athair indhiu ach ar rud ar bith ná gabh bealach na muice duibhe."
    Dubhairt an Forghamhain leis " A Fhinn, is maith atá fhios agat goidé atá tú a' dheánamh- tá fhios agat go gcaithfidh mise dhul o's rud é go ndubhairt tú liom gan dul agus rachaidh mé , bíodh sé le mo leas nó le mo aimhleas" D'imthigh an Forghamhain agus thug sé leis a chlaidheamh agus ceithre chú, an Loingseach, an Mhárach,an Ghrafach agus an Ghrubach.
    Tháinig se go malaidh na Muice san áit a raibh nead ag an mhuc dhubh a bhain Oscar an ruball dí. Ní raibh an mhuc dhubh istigh agus mharbh an Forghamhain na muca beaga. Ní raibh sé i bhfad aniar annsin gur lean an mhuc dhubh é agus í ar chaor theineadh. Chaith sé an Loingseach chuici, níor mhair sí sin ach tamall beag duithe go raibh sé marbh agus tugtar Srath Loingsigh ar an áit sin ó shoin. Bhí an mhuc dhubh ag fághail suas leis airíst agus chaith sé an Ghrafach chuice. Choinnigh sé sin troid leis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Feardhomhain (~6)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chaoimhghín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín na Sróna Theas, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Amras Ó Chaoimhghín
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    51
    Seoladh
    Mín na Sróna Theas, Co. Donegal