Ainmhithe Allta
An Madadh Ruadh ( An Sionnach)
Tá mórán aca seo thart fa na cnocaibh ins an áit seo. Thig leis an mhadadh ruadh trí corr a thabhairt dó fhéin, ceann sa chloigeann, ceann sa chorp agus ceann dá ruball.
Bíonn sé ina chomhnuidhe istoigh i mbrocach, an ait a rinne an broc dó féin. Bíonn siad istoigh i gcuideachta a chéile. Marbhuigheann sé éanlaith agus uain, agus itheann se uibheacha na gcearc fraoch. Tugtar nimh dó go minic.
An broc
Tá siad seo fairsing fosta.
Itheann siad éanlaith agus strócann siad barr. Scaoiltear iad agus tugtar nimh dobhtha.Tá leigheas fa choinne dealg i dteangaidh an mhadaidh ruaidh, agus innti fosta fa choinne dóigheadh.
Cait fhiadhain
Tá na cait fhiadhain fairsing go leor ins na Cruachaibh Gorma. Íosann siad éanlaith an aeir
(continues on next page)