School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 251
- XML “Síscéal”
- XML “Gruagach na gCleas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)póca annsin agus thug sláman airgid do'n ghiorrsaigh . D'iarr sí uirthe an t-airgead a thabhairt abhaile leíthe. Nuair a bhí an ghiorrsach ag tarraingt comhgarach do'n teach thuit píosa de'n airgead as a póca. Thóg sí an píosa agus chuir sí i n-a beal é. Nuair a thainig sí isteach 'un toighe d'innis sí dha máthair caidé d'eirigh duíthe. Nuair a chuir sí a lámh ann a póca leis an airgead a thabhairt amach ní rabh ann ach slámán. Seamsóg[?] agus neantóg.Gruagach na gCleas.
Bhi fear i n-a chomhnuidhe i dteach uair amháin agus ní rabh duine ar bith eile sa teach acht é féin agus a mhac. Iasgaire a bhi san athair agus shil sé nuair d'eireochadh an mac mór go mbéad sé i n-a chuideadh mhaith de. Ach nuair d'éirigh an mac mór bhi sé amaideach agus ní rabh fhios ag an athair caidé dhéanfad sé leis. Lá amháin bhí an t-athair thíos ar an chladach agus chonaic sé bád ag tarraingt isteach ar an chladach agus fear innte. Bheannuigh sé d'on iasgaire agus bheannaigh an t-iasgaire dó. "Tá mac agat," arsa an fear coimhightheach. "Tabhair damh-sa do mhac go cionn la agus bliadhain agus béidh sé níos críonna ná thú féin nuair a thiocfas i ndiaidh an ama sin," Ba é an deireadh a bhí ar an chomhrádh go dtug an fear dó a mhac. Dubhairt an fear coimhightheach leis an iasgaire gurbé 'Gruagach na - You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Informant
- Brian hEigceartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Donegal