School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 234

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 234

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 234
  3. XML “An Bhean Sí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ar Bhun Glas. Dhroich siad sin agus chuir siad na líontaí. Luigh siad ansin fá chionn cupla uair agus nuair nach rabh aon chomhartha éisc le feiceáil bhórd siad na líontaí arais agus thug siad a n-aghaidh ar a'bhaile fé dhéin bheith i n-am ag an Aifreann.
    D'iomair siad leobhtha agus nuair a bhí said ag tarraingt comhgarach dó Pholl na bPocán arais mhothaigh siad an glór caointe arais. D'amharc siad isteach i n-aice an chladaigh agus tcídh siad an bhean i n-suidhe annsin agus páiste ar a glúin aice. Thóg sí a dá láimh i n-airde agus arsa sise leis an fhuirinn, "Siar, siar libh; d'fhág sibh iad ag gléas ann bhur ndiaidh." Níor bhain an fhuireann aon dothar as agus thionntaigh siad arais. Thug siad dó na maidibh é go rabh siad i mBun Glas arais. Ni rabh aon dath le feiceáil aca annsin ach níos lugha no bhí ó thús. Thionntaigh siad arais agus ar a mbealach bhi an bhean cheadhna ann. Dubhairt si ath-uair, "Siar, siar libh, d;fhág sibh iad ag gléas ann bhur ndiaidh."
    Seo an chead am anois a smaoinigh siad caidé an la a bhí ann. D'eirigh fear amháin den fhuirinn i lár an bháid agus ghéarr sé comhartha na Croiche [?] idir é féin agus an bhean. Indiaidh sin a dhéanadh thionntaigh sé thart agus d'iarr sé ar an fhuireann iomrughadh go gasta abhaile no nach rabh an bhean ach ag drúin[?] an Aifrinn a chur de dith ortha. Bhi fhios aca go maith anois nach deagh rud a bhí innte.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. banshees (~369)
    Language
    Irish
    Informant
    Donnchadh Mac Niallghuis
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Iascaire
    Address
    An Baile Mór, Co. Donegal