School: Cill Chartha
- Location:
- Cill Charthaigh, Co. Donegal
- Teacher: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Gheibh an te ata marbh na coguire agus éirigheann sé slán.
Bhíodh dreas ceoil aca annsin agus babhta damhsa agus ar siubhal leo go teach uile. Níl gnaithe agam a rádh go mbíodh scaifte mór a gcomairuighadh.Indiaidh na Nodlag roimhe seo bhíodh gach uile rud sócair go mbíodh Athair an Dá Lá Deág thart (Eanair badh). Bhí an ranting season ann annsin. Bhíodh cailíní coimhthigheacha o pharraistí eile ag cuartuigheacht tréimhre i dtoightibh a ndaoine muinnteardha, bhíodh oidhcheannac móra ins na toighthe sin annsin. Cluinfea annsin Maidín Dia luain go rabh cleamhnas deánta in a leitheid seo teach na a leítheid rud.
Ba seo an t am de’n bhliadhain a rabh na póstaidheacha uilig deánta. Ní rabh cárrannac, na gluaistin gabhail an uair sin. Nuair a bhéadh an cleamhnas deánta sócrochadh siad gach rud an oidhche sin, lá-na-bainnse, an mbheádh bainis aca?, cé gheobhadh cuireadh [?].
Ins an tráthnóna pósfaidhe iad. Shiubhailfeadh siad go Teach an Phobail mar seo. Annsin i dtoiseach bhíodh fidileóir na bhfeidir beirt iad a tarraing ar a dtrean-dhícheall, agus “Haste To The Wedding” na “Tá Do Mhargadh Deánta”(continues on next page)- Collector
- Eighneachan Ua Muireadhaigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir