School: Cill Chartha
- Location:
- Cill Charthaigh, Co. Donegal
- Teacher: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)suas aca. Indhiaidh na Fidileoirí agus iad ag siubhal le chéile bhíodh athair an Ghrúim agus athair na Bhrídeóige (mar beo iad), indhiadh sin an an Bhrídeóg agus a Best-man, indiaidh sin an Grúim agus an Best-maid agus annsin lucht na bainse uilig in a gcúplac.
Corr uair caithfea gáire a dheánadh nuair a t cifea cúpla nach rabh teacht le chéile, bhfeidir go mbíodh píolaidh mór fear ag siubhal le prósaidh beag bean na a h athrughadh sin.
Caitheadh siad annsin tamallt beag ar an bhaile mór i dtoigh táibhirne ag rinnce agus ag gabhail cheoil. Bhainfeadh siad teach na bainse amach annsin, áit a rabh a sáith de gach cineal ag fanacht orthú.
Chualaidh mé Franc Ua Coilin as Druimna Funoigh le a rádh go rabh bainis ar an bhaile sin, tuairim [cuthre?] seár bliadhanta ó shoin agus siad an lánamhain a pósadh Harry Mác Seághain agus Sorcha Ní Coilín. Bál : bhí oiread daoine ar an bhainis sin, go dtearnadh tuirtiní árais ó sheacht gceádmeádhcaint mine coirce. Bhí morc mór teineadh deánta aca amuigh ar árdan i naice an toighe agus na tuirtíné thart fa dtaoibh dí ag cruadhughadh ba í an bhainis ba mhó a bhí annseo ariamh.(continues on next page)- Collector
- Eighneachan Ua Muireadhaigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir