School: Cill Chartha
- Location:
- Cill Charthaigh, Co. Donegal
- Teacher: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chartha
- XML Page 334
- XML “Lucht Siúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)na píghinneacha. Ní bhainfeadh sé le duine ar bith agus bhíodh gach uile dhuine maith dó
Clann Mhic Chonaill
Tincléaisidhe iad seo. Bhí séisear na seachtar sa chloinn. Théideadh siad ó pharraiste go parraiste ag deánamh soithigh stáin. Bhainfeadh siad faoibhthe i dtoigh ar feadh seachtmhaine no coicthigise. Rith an ama sin bhíodh na fir ag abair agus na mná ag dul thart ag díol na rudai a rinneadh. Bhí truir fear ann, an t-athair agus beirt mac. Fidileóiridhe bréaghtha na mic. Corr uair bíodh damhsa aca sa toigh a rabh siad a baint faoibhthe ann.
Cruinneochadh an t-aos óg asteach go luath san oidhche agus coinneochadh siad suas an damhsa go dtí an dó dhéag. Chuirtí thart bamhail annsin agus chuirfeadh an uile duine píghinn asteach ann dó’n bhunadh a bhí ag tabhairt an cheol daobhtha.
Ní fhacas ann duine aca thart le fiche bliadhain agus táim cinnte go bhfuil siad uilig marbh.
Jacky Marley.
Níl fhios agam cehr b’as dó. Fear mór ramhar a bhí ann, aghaidh mhór chruinn air agus í comh dearg le haibhleóig. Bhí an chumadh sin air go rabh neart agus urradh in a chuid sciathan. Shiubhailfeadh sé asteach go baile mór fa chlar-sholas agus indhiaidh glincín a ól thiocfadh sé amach go lár na sráide. Bhainfeadh(continues on next page)