School: Cill Chartha
- Location:
- Cill Charthaigh, Co. Donegal
- Teacher: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chartha
- XML Page 335
- XML “Lucht Siúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé de a chóta agus a bheiste, agus shiubhailfeadh sé síos agus aníos agus dilín aige fa na bailtibh uilig ar shiubhail sé.
nuair a bhéadh an méid sin deánta aige bainfeadh sé amach as mála a bhí aige dhá báta bheaga chruinn agus buideal. Thosachadh sé ar a chleas annsin.
Caitfeadh sé bata san aer agus sul a rabh sé leath. Bhealaigh anuas chaithfeadh sé an clann eile, annsin rachadh an buideal in áirde, de réir agus bhí siad ag teacht anuas gheobhad sé greim orthú agus suas arais leobhtha. Leanfadh sé mar sin go mbheadh sé tuirseach agus annsin chuaidh na bataí agus an buideal sa mhála arais. Rachadh sé thart annsin fa na dorsaibh ag súil go bhfuigheadh sé rud eighinteacht.
Conafach go leor a bhí Jacky corr uair, acht bhfeidir go rabh ádhbhar sin aige na bhíodh scúid gasúr na dhiaidh agus iad ar a dtréan. Dhicheall an cleas a bhí aige a chur ar siobarnaigh.
Nuair a chaillfeadh sé greim ar aon cheann d’á chuid uirnise [tcifca?] annsin an rása, na gasraidhe ar shiubhal agus Jacky ins na sálaibh aca.
Tá seisean fosta ar shluág na marbh.