Scoil: Cill Chartha

Suíomh:
Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eighneachan Ó Muireadhaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 334

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 334

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chartha
  2. XML Leathanach 334
  3. XML “Lucht Siúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    na píghinneacha. Ní bhainfeadh sé le duine ar bith agus bhíodh gach uile dhuine maith dó
    Clann Mhic Chonaill
    Tincléaisidhe iad seo. Bhí séisear na seachtar sa chloinn. Théideadh siad ó pharraiste go parraiste ag deánamh soithigh stáin. Bhainfeadh siad faoibhthe i dtoigh ar feadh seachtmhaine no coicthigise. Rith an ama sin bhíodh na fir ag abair agus na mná ag dul thart ag díol na rudai a rinneadh. Bhí truir fear ann, an t-athair agus beirt mac. Fidileóiridhe bréaghtha na mic. Corr uair bíodh damhsa aca sa toigh a rabh siad a baint faoibhthe ann.
    Cruinneochadh an t-aos óg asteach go luath san oidhche agus coinneochadh siad suas an damhsa go dtí an dó dhéag. Chuirtí thart bamhail annsin agus chuirfeadh an uile duine píghinn asteach ann dó’n bhunadh a bhí ag tabhairt an cheol daobhtha.
    Ní fhacas ann duine aca thart le fiche bliadhain agus táim cinnte go bhfuil siad uilig marbh.
    Jacky Marley.
    Níl fhios agam cehr b’as dó. Fear mór ramhar a bhí ann, aghaidh mhór chruinn air agus í comh dearg le haibhleóig. Bhí an chumadh sin air go rabh neart agus urradh in a chuid sciathan. Shiubhailfeadh sé asteach go baile mór fa chlar-sholas agus indhiaidh glincín a ól thiocfadh sé amach go lár na sráide. Bhainfeadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge