Scoil: Cill Chartha

Suíomh:
Cill Charthaigh, Co. Donegal
Múinteoir:
Eighneachan Ó Muireadhaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 301

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 301

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chartha
  2. XML Leathanach 301
  3. XML “Nóra Nic an Smuilc agus Eoghan 'ac a Chailc”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nóra Nic an Smuilc agus Eoghan 'ac a Chailc
    Scéal a chualas ag mo mhathair mhóir a d’éag an 19adh Aibrean 1895 i n aois 86 bl.
    Chuaidh Nóra Nic an Smuilc agus Eoghan 'ac a Chailc síos na trágha lá amháin le cnúsach a déanadh de biadh trágha, eadhon duileasc, slabach, báirnigh agus faofógai. Bhí eagla mór ar Nóra roimh an bhás. Ag cuartúghadh díthe faoi na carraigeachaibh caidé thainic oirthí acht partan na crúbóg agus fuair greim ar a ladhar bheag, bhí go leor annsin. Leig sí béic aistí agus rith sí an méid a bhí inntí annsoir Eoghan a’ scairtighe leis go rabh an bás na diaidh.
    “Ó a Eoghaín” ar sise “siud an bás”. “Cá bhfuil sé”? arsa Eoghan. “Ó le mo dhá shúil a chonnaiceas agus le mo dhá chluais a chualas agus i mbonn mo choise atá sé” arsa Nóra Nic an Smuilc. D’imigh siad araon leobtha ins na fatha fásaigh ar eagla go mbeireadh an bás ortú agus caidé casadh ortú acht gearrfiadh, “Ó a ghearrfiadh” arsa Nóra “siud an bás”. “Ca bhfuil sé” ars an gearrfaidh”? “Ó le mo dhá shúil a chonnaiceas, agus le mo dhá chluais a chualas agus i m bonn mo choise atá sé” arsa Nóra Nic an Smuilc. Thionntuigh an gearrfhaidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Innéacs seanscéalta
    AT2021: The Cock and the Hen
    Teanga
    Gaeilge