Scoil: Cill Chartha
- Suíomh:
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nóra Nic an Smuilc agus Eoghan 'ac a Chailc
Scéal a chualas ag mo mhathair mhóir a d’éag an 19adh Aibrean 1895 i n aois 86 bl.Chuaidh Nóra Nic an Smuilc agus Eoghan 'ac a Chailc síos na trágha lá amháin le cnúsach a déanadh de biadh trágha, eadhon duileasc, slabach, báirnigh agus faofógai. Bhí eagla mór ar Nóra roimh an bhás. Ag cuartúghadh díthe faoi na carraigeachaibh caidé thainic oirthí acht partan na crúbóg agus fuair greim ar a ladhar bheag, bhí go leor annsin. Leig sí béic aistí agus rith sí an méid a bhí inntí annsoir Eoghan a’ scairtighe leis go rabh an bás na diaidh.
“Ó a Eoghaín” ar sise “siud an bás”. “Cá bhfuil sé”? arsa Eoghan. “Ó le mo dhá shúil a chonnaiceas agus le mo dhá chluais a chualas agus i mbonn mo choise atá sé” arsa Nóra Nic an Smuilc. D’imigh siad araon leobtha ins na fatha fásaigh ar eagla go mbeireadh an bás ortú agus caidé casadh ortú acht gearrfiadh, “Ó a ghearrfiadh” arsa Nóra “siud an bás”. “Ca bhfuil sé” ars an gearrfaidh”? “Ó le mo dhá shúil a chonnaiceas, agus le mo dhá chluais a chualas agus i m bonn mo choise atá sé” arsa Nóra Nic an Smuilc. Thionntuigh an gearrfhaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)