Scoil: Cill Chartha

Suíomh:
Cill Charthaigh, Co. Donegal
Múinteoir:
Eighneachan Ó Muireadhaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 292

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 292

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chartha
  2. XML Leathanach 292
  3. XML “Caiseal Chairn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    thosaigh an tochailt agus an rútail agus le tréan diabhaileacht deireadh fear aca anois agus airís "hath" go moramasc nach bhfuil rud eighinteach faoi 'n phiocoid agamsa". Acht dá mbéadh siad ag dul dó go dtí 'n lá indiu dheamhan dath a thionnthochadh siad ach an chréafóg ruadh agus clocha.
    Tá sean cheárdcha go fóill ar thaoibh an bhealaigh mhóir ann acht is fada marbh an gabha, Padai Ua Caiside. Fear láidir Padai agus ceárduidhe fíor mhaith a bhí ann. Bhíodh tuaim an uird le cluinstin ins an cheárdchain cheadna go luath agus go mall fhad as bhí Padai ar a chois.
    Tá scéal ann go rabh Padai ag triall ar son an Aifreann maidin Dhomhnaigh amháin. Bhí gnoithe aige asteach 'na ceárdchan agus asteach leis. Ní raibh sé i bhfad astuigh go mhothuigh sé sodar capaill ag tarraint annsoir aniar, stad an torman ag doras an ceárdchan agus nuair a d'amharc Padai amach chonnaic sé an marcach mór ar bheathach éifeactach. Bheannuigh sé do Padai agus rinne Padai mar i gceadna leis. "Tá beathach agam annseo" ar seisean agus seaith sé cruidh "bad' mhaith liom da gcuirfea suas é". "Ní gnáthach liom obair a dhéanadh ar an Domhnach arsa Padai "agus ní dhéanfaidh mé anois é". "Obair riachtanach í seo" ar seisean agus ní chaill duit í." Sa deireadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Caiseal Charna, Co. Donegal