School: Cill Chartha

Location:
Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Eighneachan Ó Muireadhaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 293

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 293

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chartha
  2. XML Page 293
  3. XML “Caiseal Chairn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    thoilig Peadar an crudh a chóiruigadh acht ní ghlacfadh sé airgead ar bith. D'imthigh an marcach agus nuair a thainic Padai amach go b'feiceadh sé cé'n bealach a rabh sé gabhail ní rabh an radharc le fághail air. Bhí sin go maith ach níor chuir Padai suim ann ní ba mhó.
    Ar maidin lá thar na bhárach nuair a thainic Padai annsoir a chuid oibre caidé bhí na luighe ar an inneoir acht ginidh úr buidhe agus gach eile maidin luain 'na dhiaidh sin bhíodh an ginidh sin fa na choinne ar an inneoir.
    Níor innis Padai ariamh do neach beo fán airgead, acht sa deireadh thug a bhean fa dear go rabh rothain ar Phadai nach dtiocfadh léithe-sa cunntas a thabhairt air agus bhí sí ag dul dó go dtí sa deireadh gur innis Padai fán mharcach agus fán airgead. Ón lá sin amach ní rabh an ginidh fa na choinne
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Caiseal Charna, Co. Dhún na nGall