Scoil: Mín Teineadh Dé (uimhir rolla 8517)

Suíomh:
Meentanadea, Co. Donegal
Múinteoir:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 35

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 35

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Teineadh Dé
  2. XML Leathanach 35
  3. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Pósaidthe.
    Ins an treán am phósadh lanamain am ar bith den lá gó dtí an mheadhon oidhche. Bhí sé choitcheannta dál a dheánamh seachtmhain no b’fheidir choigchíos roimh an bhainéis gheall ar rudaí a fhaghail a bhéadh ríachtanach na a dhith órthú fá choinne na bainse. Bhí sé ina ngrás acu ins an am sin bhainéis mhór a dheánamh agus bíodh a gcuid daoine muinntear- dha agus na comharsanaigh uilig cruinnighthe acu. Bhíodh a bhealach ibhfad na gearr bá ghráthach leobhtha uilig siubhal go dtí an teach phobail.
    Ní béadh nduine fá mhílte den áit nach gcruinneochadh go bhfeicfeadh siad an dá pháirtí ag casad ar a chéile. Sin nuair thóiseochadh an spoirt nuair a rachadh siad ag tábhairt cumman do’n dighe agus is a rachadh siad thart, b’fheidir galún de uisge beatha. Bhí sé saor agus fairrsing ins an am sin. Bhéadh cúpla fidileoir i b’fearr a bhí sa tír t-siubhail agus ag sinnim amach rómpa.
    Chaithead siad an tráthnóna agus cuid dé’n oidhche ins an bhaile mhór ag ól agus (agus) ag céol agus ag damhsa. Siubhladh siad abhaile annsin agus chaitheadh siad oidhche i dteach na báinse.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge