Scoil: Mín Teineadh Dé (uimhir rolla 8517)

Suíomh:
Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 62

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 62

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Teineadh Dé
  2. XML Leathanach 62
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí ríogh ann aon uair amháin. Bhí triúr mhac aige.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    mhaith leis an bhuachaill sin a dheanamh, acht fá dheireadh rinn sé é. Nuair a ghearr sé na chosa agus an ruball dé d’athruig sé ina fhear, dhearbrathair dón chailín a bhí ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéal

    Bhí muilteoir ann aon uair amhain agus bhí trí searbhontaidhe aige.

    Bhí muilteoir ann aon uair amháin agus bhí trí searbhontaidhe aige. Nuair a bhí sé ag éirghe aosta d'iarr sé ar na searbhontaidhthe ghabhail ar shiubhal agus an an duine a gheobhadh an capall a b'fhearr go dtabharfadh seisean an muileann do. D'imthigh an triúr leo agus áthas an domhain órtha. Bhí fear amháin aca agus ní rabh ciall ar bith aige le na cois sin bhí sé an fallsa. Shíl an bheirt eile nach bhfuigheadh an fear seo capall go deo agus d'iarr siad air gabhail abhaile, acht ní rachadh seisean. Nuair a tháinig an dorchadas chuaidh siad go léir isteach i sean bhoitheach. D'iarr an fear fallsa órtha cé an fáth a rabh siad ag gabhail isteach annsin. Dubhairt siad go rabh siad ag gabhail a luighe annsin go maidín. Nuair a fuair an bheirt ina chodladh é rith siad ar shiubhal. Níor mhusgail seisean go dtí an lá ina dhiaidh sin. Nuair a chonnaic sé go rabh an bheirt eile ar shiubhal bhí an fhearg air agus dubhairt sé leis fhéin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Domhnaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall