Scoil: Mín Teineadh Dé (uimhir rolla 8517)

Suíomh:
Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 31

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 31

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Teineadh Dé
  2. XML Leathanach 31
  3. XML “Daoine Cáiliúla”
  4. XML “Seanscoileanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ibhfearr í a chonnaic dhá shuil ariamh, agus deirtear fosta go [rabh] bhfuair sí dhá ghiní mar dhuáis ag [us] damhsa ag aonach an fhoghmhair sain Gleanntaí sa bhliadhain 1896 A.D.
    Acht tá Máire Ní Suilleabhain marbh anois.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sean Scoileanna.
    Tuairim agus 60 bliadhain o shóin, bhí sean scoil sáithte síos annsin ag Cloich Buidhe san áit a bhfuil an síopa béag anois. Teach cinn tuighe a bhí ann, agus bhí sí toghtha ar fód an bhealaigh mhór.
    Bhí tuairim agus léith chéad seolairí ar scoil san gheimhreadh agus scór go léith san t-Samhradh. Ní rabh acht maighistir amháin sa scoil seo, agus Ó Báoghaill an t-ainm a bhí air. Maighistir an gheárr a bhí ann, agus bhí eagla an domhain ar na paistí roimhe.
    Bhí téinidh amháin inntí agus béigin do na paistí móin a tabhairt leo gach maidin. Acht chorr uair nuair a thiocfadh sioch no sneachta béirfeadh fear ar gach toighe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. scoileanna (~4,094)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Padráig S. O Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ardvally, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Caitlin Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ardvally, Co. Dhún na nGall