Scoil: Mín Teineadh Dé (uimhir rolla 8517)

Suíomh:
Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 39

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 39

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Teineadh Dé
  2. XML Leathanach 39
  3. XML “Scéal Greannmhar”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ina chomhnuidhe i mBinn Bán darbh ainm Liam Ó Gallchobhair. Bhí sé pósta agus bhí ingean amháin aige. Lá amháin chuaidh sé amach ag seilg agus thug sé leis a mhadadh. Chuaidh sé suas an cnoc agus mharbh sé cúpla gearr-fhiadh. Bhí sé ag seilg go dtí an tráthnóna agus annsin d'éirigh sé tuirseach.
    Bhí sean-bhalla comhgarach do'n áit a rabh sé ins sheasamh agus shíl sé go suidheadh sé síos tamall ag taobh an bhalla. Nuair a bhí sé tamall ina shuidhe thuit sé ina chodladh agus thosuigh sé ag broinnloidigh. Bhí sé fá thuairim míle go leith ó'n bhaile anois. Shíl sé go dteachaidh sé isteach ins an t-sean-bhalla agus go bhfaca sé dhá fhear déag ina suidhe thart fá theinidh mhór agus go rabh siad an sean. Bhí siad ag ól amach as buideal mór a bhí líónta le dheirg fhíon.
    Nuair a bhí Liam tamall istuigh d'iarr siad air braon a óπ as an bhuideal agus nuair a bhí sin ólta aige chuaidh na fir a luighe agus d'iarr siad ar Liam an teinidh a choigilt. Rinn sé seo agus annsin nuair a shíπ sé go rabh sé ag a luighe mhusgail sé. D'amharc sé thart air agus tháinig an-iontas air nuair a chonnaic sé go rabh an oidhche ann. D'éirigh sé agus sgairt sé ar a mhadadh acht ní rabh sé le feiceáil, annsin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Domhnaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall