School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)

Location:
Fintragh, Co. Donegal
Teacher:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 183

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 183

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fionn-Tráigh
  2. XML Page 183
  3. XML “Ceird na Gadaíochta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé pósta, bhí mac amháin aca. Bíodh an t-athair ag obair ag Tighearna talamh, agus lá amháin arsán Tighearna talamh leis ba chóir duit do mhac a chur ar shiubhal i-n-áit éiginteacht le obair a dheanámh no ceird a fhoghlam. Smaointigh an fhear ar an comhairle agus shíl sé gur mhaith an rud sin a dheánamh.
    Lá amháin thug an t-athair an bhuachall leis go aonach. Ní rabh siad I bhfad annsin go dtáinig fear uasal chuca, agus dubhairt sé go rabh buachall a dhíth air. Thug an t-athair an buachall do. Annsin dubhairt an fear uasal go gcoinneóchadh sé é ar feadh bliadhna agus dá mbéadh sé maith go leor go gcoinneóchadh sé é ar feadh seacht bliadhna, agus go gcuirfeadh sé an t-airgead abhaile chuige dhá uair gach bliadhain.
    Chuaidh bliadhain thart agus níor tháinig an buachall abhaile. Bhí fhios ag an t-athair annsin go rabh a mhac maith, agus nach dtiocfadh sé abháile go cionn seacht mbliadhna. Nuair a bhí an t-am caithte thainig sé abhaile Satharn amháin. Níor innis sé dó’n t-athair cé’n céird a d’fhóglam sé. Nuair a tháinig maidín Dia Luain chuaidh sé go dtí a chuid oibre mar ba ghnathach leis. Bhí sé obair ag an Tighearna talamh an t-am sin fosta, agus d’fiafruigh an Tighearna talamh dó caidé’n ceird a d’fhoghlam a mhac.
    Dubhairt sé nach rabh fhios aige. Annsin d’iarr an Tighearna air a fhiafruigh dó nuair a rachadh sé abhaile agus innse do’san an lá thar na bhárach.
    Nuair a chuaidh an t-athair abháile d’fiafruigh sé do’n mhac caide’n ceird a d’fhoghlam sé. Ní rabh an buachall a gabhail a innse dó ar tús, ach d’innis sé dó sa’n deireadh. Ní rabh an t-athair ró shasta leis nuair a dubhairt sé gur fhoghlam sé ceird an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Collector
    Máire B. Nic Cuinneagain
    Gender
    Female
    Informant
    Seán O Dochartaigh
    Gender
    Male
    Age
    70