School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)

Location:
Fintragh, Co. Donegal
Teacher:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 136

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 136

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fionn-Tráigh
  2. XML Page 136
  3. XML “Jack agus an Tarbh Bán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fad ó shoin agus is fada a bhí; bhí fear agus bean ina gcomhnuidhe go h-an bhocht agus ní rabh re muirighin aca ach mach amháim darbh ainm Jack. Bhí bó agus tarbh bán aca agus théigheadh Jack suas na sléibhe leo gac lá. Dar leis féin go rabh sé fada go leór ag luighe isteach ar a bhunadh agus go m-imtheochadh sé leis ag iarraidh oibre.
    Nuair a chuaidh sé suas na sléibhe an lá sin leis an eallach arsan tarbh; “Jack tá tú ag gabháil dar b’fhagailt”. “Tá”, arsa Jack. “Bhail ní thig leat imtheacht go mairbhfidh tú mise”, arsan tarbh. “O ní dhéanfaidh mé sin ar aon chúis”, arsa Jack. “Caithfidh tú ribín a bhaint de mo chraiceann ó bharr mó shróin go bárr mo rubaill”, arsan tarbh, “a dhéanfas crios duit, agus am ar bith a mbéidh tú i ngeibheann abair leis an chrios a chuid oibre a dhéanamh”.
    Mharbh sé é, agus d’fheann sé an ribín de chraiceann an tairbh: Mharuigh sé leis beál a chinn annsin, nó gur casadh fear do ag marcuidheacht ar dhruim bheithidhe. “Ca bhfuil tú ag dul”, arsan fear a bhí ag marcuidheacht. “Tá mé ag iarraidh oibre”, arsa Jack. “An rachaidh tú liomsa, tá buachaill bó a dhiogbhail orm”, arsan fear.
    Dubhairt Jack go rachadh. Thug an fear Jack leis abhaile agus lá thar na mharach chuir sé amach a bhuachailleacht é. Sul a dteachaidh sé suas d’iarr sé air gan na bha a leigint suas na abháile sin shuas nó go rabh trí fathaigh ann, agus go mairbhfeadh siad eisean mar rinne siad le gach buachaill bó a bhí aige ariamh aroimhe, agus go leigfeadh siad trí buirthí gach oidhche ag an meadhon oidhche, agus go gcluinfeá ar fud an domhain iad.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Language
    Irish
    Collector
    Seamús O Ceallachain
    Gender
    Male
    Address
    Fintragh, Co. Donegal
    Informant
    Conall O' Ceallachain
    Gender
    Male
    Age
    66
    Address
    Fintragh, Co. Donegal