School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)

Location:
Fintragh, Co. Donegal
Teacher:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 179

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 179

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fionn-Tráigh
  2. XML Page 179
  3. XML “Na Daoine atá ar Íochtar Inniu, Tá siad ar Uachtar Amárach agus na Daoine atá ar Uachtar Inniu, Tá siad ar Íochtar Amárach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Na daoine atá ar íochtar indiú, tá siad ar uachtar imbárach agus na daoine atá ar uachtar indiú, ta siad ar íochtar imbarach.
    Bhí buachaill beag ann aon uair amháin. Bhíodh a athair agus a mháthair i gcomhnuidhe ag troid, agus bhíodh na sgolairí ag magadh faoi, bhíodh náire ar an gasúr.
    Lá amháin nuair a tháinig sé abhaile o’n sgoil dubhairt sé le na mhathair go n-imtheochadh sé leis muna stadhfadh sé féin agus a athair ag troid. Chuaidh sé amach na chuibhrinn agus d’innis sé an rud cheadna do na athair.
    Maidín an lá thar na mharach bhí siad comh h-olc agus bhí ariamh, agus d’imthigh an gasúr bocht leis i mbéal a chinn agus gan fhios aige cá rabh sé ag dul. Nuair a tháinig an oidhche bhí sé tuirseach, agus connaic sé solas agus tharraing sé air. Teach mór, árd, a bhí ann agus chuaidh an Buachaill suas agus buail sé an doras, agus tháinig fear amach.
    Dubhairt an fear go leigeadh sé isteach é da n-innseochadh sé do caidé tá Dia ag déanamh anois. Smaointigh an gasúr tamall, annsin dubhairt sé:
    “Tá sé ag rothair mór agus tá sé a chuir thart, agus an rud atá ar íochtar indiú tá sé ar uachtar imbárach, agus an rud atá ar uachtar (imbárach) indiú tá sé ar íochtar imbarach, agus sin an déig leis an saoghol
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic Amhlaoidh
    Gender
    Female
    Address
    Largymore, Co. Donegal
    Informant
    Micheál Ó Baoighill
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Kill, Co. Donegal