School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)
- Location:
- Fintragh, Co. Donegal
- Teacher: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fionn-Tráigh
- XML Page 182
- XML “Na Daoine atá ar Íochtar Inniu, Tá siad ar Uachtar Amárach agus na Daoine atá ar Uachtar Inniu, Tá siad ar Íochtar Amárach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sagart ann, agus bhí sé ag rádh ‘Aifreann, agus bhí dhá aingeal mar cléirigh. D’innis sí do’n maighistir, nó bhí sise na Caitlicheach. Chuaidh an maigistir isteach, agus d’iarr sé ar an sagart og ‘gábhail leis chuig an teach Phobaill, agus chuaidh.
Nuair a chuaidh siad isteach ní lasfadh na coinnle ar an altóir. D’iarr an sagart óg cead an t-Aifrainn a rádh, agus leigeadh do. Las na coinnle iad féin agus tháinig an dá aingeal. Chuireadh scéala chuig an tSeanbóig fan sagart seo, agus fuair sé paroiste maith.
Lá amháin tháinig fear chuig a dhoras, agus cé bhí ann ach an fear a rinne sagart do, agus dubhairt an sagart: “Leigfidh mé isteach thú ma innsean tú damh caidé ta Dia ag deánamh anois”.
Bhris an fear amach ag caoineadh, agus d’innis sé do. “Is fada ar seisean o chuir mise an ceist sin ar ghasúr beag a tháinig un doras chugam. Níor thig mise é an lá sin ach tuigim é anois. Bhí mise shios an t.am sin, agus anois tá mé comh bocht le lucgóg.
D’innis an sagart cé hé féin, agus d’fhan an fear aige, agus bhí saoghal sona sásta acú ó sin amach.- Collector
- Nóra Nic Amhlaoidh
- Gender
- Female
- Address
- Largymore, Co. Donegal
- Informant
- Micheál Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Kill, Co. Donegal