School: Naul (roll number 1170)

Location:
Naul, Co. Dublin
Teacher:
C. Mac Fhíonntaigh

Filter stories

Back
/ 121 Forward
Resolution: Low | High
Naul | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0787, Page 86

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Lá Lughnasa

Ar an la seo baintí na preataí malla. Baintí fosda glasraí, cáil, meacán, turnaipí agus glasraí mar sin, agus deantaoi úsaid daobhtha. Baintí rud beag coirce, seaghal agus féar fosta fá choinne an eallaigh. Cuirtí suim mór i dtóraibh na talman.

Is mór an lá é seo go fóil fá choinne turas a dheanamh in onóir na Maigdeana Muire. Bhí cuid mhór de na turas seo fríd an tír agus gníonn na sluaitte iad go fóil.

An oidhche roimhe ré codluigheann daoine a bhfuil galar na gcéadfadh orthu (radharc, moill éistidh agus mar sin) amuigh ar leachta an turais, acht níl léigheas ann mur bhfuil sé le duine as as cobladh. Tá turas den cineal seo ar an Cruit agus deirtear gur léigheasadh fear dall as na hArlannaí ann acht cluinimh gur gáiridhe agus greann a bhíos aca anois in ait an chodalta.

Collector
Cathal Mac Fhíonntaigh
Gender
male
Informant
Neans Ní Chealachain
Gender
female
Age
74
Address
Tawnaghgorm, Co. Donegal
Language
Irish