School: Naul (roll number 1170)

Location:
Naul, Co. Dublin
Teacher:
C. Mac Fhíonntaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0787, Page 80

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0787, Page 80

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naul
  2. XML Page 80
  3. XML “Sean-Nósanna - Nósanna ag Baint le Oíche Cinn Féile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean Nósanna
    Nósanna ag baint le oidhche Cinn Féile
    1.Oidhche Féil Brigde
    Ar an oidhche seo gheibhtear cliabh, cuirtear sop luachair i dtósan an cléibh, agus cuireann gach aon duine de bhunadh an toighe ball da chuid éadaigh isteach sa cliabh fosda. Téidheann bean an toighe nó an cáilín is sine sa teach amach go dtí an doras cúl agus an cliabh léithe eadar a dá láimh. Scairteann sé dhá uair; Gabhaigid ar mbur nglúna, fosglaigidh bhur súile agus leigigidh isteach Brighid". "Sé beatha," a freagrann a bhfuil istigh. "Gahaigidh ár mbur nglúna, fosglaididh bhur súile agus leigidh isteach Brighid Beannuighthe,"adeir sí an tríomhadh uair.
    "Sé beatha na mrá uaisle," freagrann bunadh an toighe. An té atá amuuigh tig sí isteach annsin agus éirigheann muinntir an toighe na seasamh indiadh tamall téidheann sí amach arais agus beireann sí isteach an luachair. Toisigheann gach aon duine ag deanamh "Cros Brighde," agus bithear ag coimhlint le cheile go bhfeictear cé is blathmhara a gníos Cros.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Cathal Mac Fhíonntaigh
    Gender
    Male
    Informant
    Neans Ní Chealachain
    Gender
    Female
    Age
    74
    Address
    Tawnaghgorm, Co. Donegal