School: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge (roll number 16735)
- Location:
- Waterford, Co. Waterford
- Teacher: Seán Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge
- XML Page 203
- XML “Ochtaiseoirí na bPiseog”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"agus é scríobhtha ina aigne ins chroí as na intinn gur cuid de áirseóirí Cliodhna iad.
Thug sé órdú do bean a tighe tine maith a chur síos agus corcán uisce. B'ait le bean a tighe den ciall den bun nó den rúta a bhí lena chuid cainte, den beannacht a fuair só ó d'imigh sí gur tháinigh sí. Dhein sí síos an tine agus teidh sí go mear a leighis nó a bhí an t-uisce ag féahaint aice dúirt sí pé gnó a bhí á dhéanamh.
Dúirt sé léi gurab é an gnó a bhí aige di náa dhá leanbhaí féin do thabhairt thar nais agus a dhá siobhra a bhí sa cliabhán do caitheamh síos san uisce te agus iad a dhóigh.
Bhain sé an clár den corcán ansin agus rug sé ar an mbeirt siabhra a bhí sa cliabhán. Do cheangail sí lena chéile iad le córda. Bhí sé díreach a gcaitheamh síos san uisce nuair luíadar is bhéiceadar san mBéarla be bhreá a bhain leis an Seoirse ba mhó a bhí sa seana-Shasana agus gur an-fhuireasta iad do thuigseáil. D'iarr sé siad cá raibh an bheirt a bhí anseo rompa ná cuirfeadh sé sa tine iad dá gcuirfidís thar nais iad an beirt a bhí ann rompa. Dúirt siad go gcuirfidís ach timpeall dhá uair a chloig go leith a thabhairt dóibh.
Dúirt an táilliúr ná scaoileadh sé as a láimh iasd go ndóighfeadh sé iad. Dubhairigheadar leo na leanbhaí do chur thar nais go raibh beirithe ortha féin. Fé cheann uair a chloig bhí an beirt leanbhaí thar nais sa cliabhán agus d'éiríodar araon ingal diabhlaidheachta amach as an simné ar fad agus sin é a feacaidheadh díobh".- Informant
- Pádraig Ó Muirgheasa
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Glenshask Beg, Co. Waterford