Scoil: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge (uimhir rolla 16735)

Suíomh:
Port Láirge, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Seán Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0653, Leathanach 203

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0653, Leathanach 203

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge
  2. XML Leathanach 203
  3. XML “Ochtaiseoirí na bPiseog”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "agus é scríobhtha ina aigne ins chroí as na intinn gur cuid de áirseóirí Cliodhna iad.
    Thug sé órdú do bean a tighe tine maith a chur síos agus corcán uisce. B'ait le bean a tighe den ciall den bun nó den rúta a bhí lena chuid cainte, den beannacht a fuair só ó d'imigh sí gur tháinigh sí. Dhein sí síos an tine agus teidh sí go mear a leighis nó a bhí an t-uisce ag féahaint aice dúirt sí pé gnó a bhí á dhéanamh.
    Dúirt sé léi gurab é an gnó a bhí aige di náa dhá leanbhaí féin do thabhairt thar nais agus a dhá siobhra a bhí sa cliabhán do caitheamh síos san uisce te agus iad a dhóigh.
    Bhain sé an clár den corcán ansin agus rug sé ar an mbeirt siabhra a bhí sa cliabhán. Do cheangail sí lena chéile iad le córda. Bhí sé díreach a gcaitheamh síos san uisce nuair luíadar is bhéiceadar san mBéarla be bhreá a bhain leis an Seoirse ba mhó a bhí sa seana-Shasana agus gur an-fhuireasta iad do thuigseáil. D'iarr sé siad cá raibh an bheirt a bhí anseo rompa ná cuirfeadh sé sa tine iad dá gcuirfidís thar nais iad an beirt a bhí ann rompa. Dúirt siad go gcuirfidís ach timpeall dhá uair a chloig go leith a thabhairt dóibh.
    Dúirt an táilliúr ná scaoileadh sé as a láimh iasd go ndóighfeadh sé iad. Dubhairigheadar leo na leanbhaí do chur thar nais go raibh beirithe ortha féin. Fé cheann uair a chloig bhí an beirt leanbhaí thar nais sa cliabhán agus d'éiríodar araon ingal diabhlaidheachta amach as an simné ar fad agus sin é a feacaidheadh díobh".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Muirgheasa
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Gairm bheatha
    Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Gleann Seasc Beag, Co. Phort Láirge