Scoil: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge (uimhir rolla 16735)
- Suíomh:
- Port Láirge, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge
- XML Leathanach 206
- XML “Tadhg Gaelach Súipeálach Gearra-gCeanrach”
- XML “Scéal an Mhadra Bhuí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar an ministéar. Ní raibh an ministéar sásta nó gur thosnaigh sé ag suathadh agus ag bogadh agus ag damnú creidimh a bagairt. Bhí árachas dian éigin eatortha ná fuighidís socrú i dtaobh maidin. D'fhiafraigh an ministir dé conus socróidís é agus dúirt sé go bhfágfadh sé fé ráiteachas an chéad duine a thiocfadh ortha.
Ní dheaghadar ró-fhada nuair chonnaiceadar an fear ag teacht ortha go dtí cúpla céad ráinn dóibh. Cé bheadh ann ach Tadhg Gaelach agus de thuras an sagairt a vheith a' moladh Tadhg shíl an ministéar go raibh an bua aige féin.
Rith sé i gcoinne Tadhg agus d'inis sé do Thadhg go raibh a leithéid sin de scéal cruaidhis i dtaobh creidimh idie é féin agus an sagart. D'fhiafraigh Tadhg den ministéar cén ainm a bhí air. Dúirt gurab ainm dó féin ministéar Póil.
'Sé dúirt Tadhg :
"Is bréagach iad Peadar is Pól
Is bréagach é Rí Geal na Glóire 'tá ar Neamh
Is bréagach é Rí Geal na Róimhe
Más ag Ministéir Pól tá an cheart".(leanann ar an chéad leathanach eile) - 'Sé an tslí beatha a bhí ag Tadhg ná scoltaidheacht pléireacht cainnte ag fuireacht oíche nó dhó in gach aon tig. An oíche seo ráinig chun daoine a bhí sprionnlaithe cráidhte ocrasmhail mí-adhmharach dlúth-mheathach mí-fhortúnach aingis dubh-chroíeach bád-thosach cam cnámhach gan croí ná misneach.
Ráinig an lá roimhe sin go bhfuaireadar bó nua beirithe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Muirgheasa
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gleann Seasc Beag, Co. Phort Láirge