Scoil: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge (uimhir rolla 16735)

Suíomh:
Port Láirge, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Seán Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0653, Leathanach 212

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0653, Leathanach 212

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge
  2. XML Leathanach 212
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Deanadh nó cumadh an t-amhrán so nuair tógadh an séipéal i Lios Mór sa bhliain 1841.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Father Sheedy ní chuirfinn síos dó
    Maran brainnse is aoirde cléibh
    Tá daonacht ó Íosa 'stigh id chroidhe -pé
    Agus geobhaidh sé slíghe dhuit i bhflaithis Dé.
    vii
    Mar is tobláthacht na saoithe é
    ó chúl a dhoire dhírigh,
    Is gur deagh -thorl Íosa nár cuir múr gcleír.
    Chuir sgaip is sgaoileadh as pheacaidh daoine
    is thug na mílte go Flaitheas Dé
    viii
    ba dhí an Eathair ba naomhtha a bhí istigh in Éirinn
    le linn na n-aon teacht i gCoroínn
    Is gur bé Turgésus a sgabhar go héagdinn (?)
    Is do chuir na céadta dúinn fé fhód.
    xi
    Ní bhfad 'na dhéid sin nú gur bhuail an strae sin
    An Head-leader a bhí ar Maol na mBó
    Cuir teine craogach 'nár gcathaoir naomhtha
    Agus níl ach spréidh acu 'na seasamh fós.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Gleann beag garbh is eadh "Bun a' Tairbh.

    Gleann beag garbh iseadh "Bun a' Tairbh". Tá sé suite timpeall dhá mhíle go leith ó Liosmór Mothudha. Ag seo síos mar do fuair an gleann a ainm más fíor an scéal do chualas ó Pádraig Ó Muingheasa go bhfuil chur síos air i dtosach an leabhair. Cuireas m'fhocla féin ar an scéal mar ní raibh an m'acfuinn é scríobh síos uaidh focal ar fhocal mar dheineas leis na cinn eile.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Muirgheasa
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Gairm bheatha
    Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Gleann Seasc Beag, Co. Phort Láirge