School: Leath-árdán
- Location:
- Lahardaun, Co. Mayo
- Teacher: Máirtín Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean Uí Shíurtáin ag teacht suas ag tobar Naomh Áine tráthnóna amháin. Chonnaic sí fear in a shuidhe ar cliadhe íséal, agus shíl sí gur Seán Ó Maoile a bhí ann. Bhí cóta mór fada air, agus bhí póchaí ann mar bheadh ar fear an phuist. Bhí hata air freisin.
Bhí sgata de caoiribh thart air, agus bhí sé tabhairt bídh do na caoiribh as a phócaí. Annsin tháinig tuille caoiribh thart air. Bhí iongantas mór uirthí nuair nár labhair sé. Bhí siad faire ar a chéile timcheall ceathramhadh uair. Síl sí rith an am gur Seán Ó Maoile a bhí ann.
Annsin d'éirigh sé in a sheasamh agus suibhal sé síos taobh istigh de'n claidhe, agus sheas sé annsin ag Tom. Tom Dealaigh Dubh do bhí ann. D'fhéach sí in a dhiaidh go bhféachfadh sí cén sórt fir a bhí ann, agus fear an árd do bhí ann. Bhí sé ag amharc síos ar an mbóthar.
Dubhairt sí ní hé sin Séan Ó'Maoile, agus cuir mise geall nach raibh sí í bhfad ag dul abhaile.- Collector
- Síghle Ní Shíurtáin
- Gender
- Female
- Address
- Cartoon, Co. Mayo