Scoil: Ceathrú Thaidhg

Suíomh:
Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
Múinteoir:
Pádraig Mag Shamhráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 441

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 441

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
  2. XML Leathanach 441
  3. XML “Scéal - Tadhg agus Seán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    cailín óg a thainic aige a thug an t-airgead dó agus na súile cómh maith. Annsin dubhairt Tadhg le Seán na súile a bhaint as fhéin agus é a chaitheamh isteach sa tsean-chaisleán céadna. Nidh nach iongnadh rinne Seán amhlaidh.
    Ní raibh Tadhg i bhfad sa gcaisleán nuair a thainic na cait arís. D'orduigh an sean - chat dóibh an teach a chuartughadh arís nó go raibh duine eicint ag éisteacht leis fhéin an lá roimhe sin.
    Chuartuigheadar an teach agus fuair siad Tadhg. D'ionnsuigh siad é agus níor fhágadar feidheal (fuigheall?) de in a chéile.
    Nuair a chualaidh Seán an scéal chuir sé síos an túlán ar an teine agus rinne tae dó fhéin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0613: The Two Travelers (Truth and Falsehood)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Antoine De Búrca
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Portacloy, Co. Mayo
    Faisnéiseoir
    Nóra De Búrca
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Seoladh
    Portacloy, Co. Mayo