School: Poll an tSómais (roll number 16283)
- Location:
- Poll an tSómais, Co. Mayo
- Teacher: Proinnsias Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Poll an tSómais
- XML Page 522
- XML “Féar Gortach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Is iomda rud is ciontach leis de réir cainte na ndaoine. Deir cuir aca go dtiocfaidh sé ar dhuine má sheasann sé ar planda aithrid a bhfuil nimh ann. Tuileadh adeir gur sidheógaí is ciontach leis, agus deireann daoine eile fós go mbuaileann sé duine a shiubaileas in áit ar bith a leagadh corp ann.
Is aisteach an rud é go mbuaileann sé daoine in áiteacha áiridhthe. Ag Mallai Fhálach, agus ag Croc na Cíbe sa gceantar seo. Níor cualaidh mé gur tháinig sé ar aoine in aon áit eile annseo.
Creidim nách san aicíd seo acht lagar a thigeas de bharr ocrais, tuirse, agus díombáide. Agus de bharr tuirse, agus díombáide, níos mó na an ocrais.
Tá leigheas aca ar seo comh maith agus tá aca ar gac uile aicid aisteach. Má itheann an duine greimín aráin nó gráine arbair béidh se léighsighthe ar an toirt. Nuair a bhíonn daoine i gcruadh cás gan arán nó aon sórt bidh le fághail itheann siad an bun bán a bhíonns ar luachar(continues on next page)