Scoil: Poll an tSómais (uimhir rolla 16283)

Suíomh:
Poll an tSómais, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Proinnsias Mac Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 522

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 522

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Poll an tSómais
  2. XML Leathanach 522
  3. XML “Féar Gortach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Is iomda rud is ciontach leis de réir cainte na ndaoine. Deir cuir aca go dtiocfaidh sé ar dhuine má sheasann sé ar planda aithrid a bhfuil nimh ann. Tuileadh adeir gur sidheógaí is ciontach leis, agus deireann daoine eile fós go mbuaileann sé duine a shiubaileas in áit ar bith a leagadh corp ann.
    Is aisteach an rud é go mbuaileann sé daoine in áiteacha áiridhthe. Ag Mallai Fhálach, agus ag Croc na Cíbe sa gceantar seo. Níor cualaidh mé gur tháinig sé ar aoine in aon áit eile annseo.
    Creidim nách san aicíd seo acht lagar a thigeas de bharr ocrais, tuirse, agus díombáide. Agus de bharr tuirse, agus díombáide, níos mó na an ocrais.
    Tá leigheas aca ar seo comh maith agus tá aca ar gac uile aicid aisteach. Má itheann an duine greimín aráin nó gráine arbair béidh se léighsighthe ar an toirt. Nuair a bhíonn daoine i gcruadh cás gan arán nó aon sórt bidh le fághail itheann siad an bun bán a bhíonns ar luachar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
    Teanga
    Gaeilge