Scoil: Poll an tSómais (uimhir rolla 16283)
- Suíomh:
- Poll an tSómais, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Proinnsias Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Poll an tSómais
- XML Leathanach 531
- XML “Cleamairí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Oidhche pósta nuair a bhíonn an bhainfheis ar siubhal is cuma saidhbhir nó daidhbhir na daoine, baluigheann stócaigh an bhaile nach bhfághann cuireadh chuice isteach i dteach áirthid, agus dosgán faoi ascaill gach duine aca. Ins na dosgáin seo bíonn hataí árda deanta de chochan, agus corraicíní deasa mar coróin ar gach ceann aca, agus iad feistighthe le ribíní ar gach dath. Téigheann na hataí seo síos go dtí a ngualuaibh, agus nuair a bhíonn siad gleasta amach i gcóir na bainfeise ní aithneóchadh a maithreacha féin iad.Bíonn léintí bana, agus cotaí beaga bána orrtha freisin, agus bíonn creasanna de ribín thart ar an gcoim.Dá mó é a meas ar an lánamhain, is é is deise a bhíonns a ngléas.Ní leigeann siad de aoine dul isteach sa teach acht muintir an tighe an fhaid is bhíonn siad ag cur orrtha.(leanann ar an chéad leathanach eile)