Scoil: Poll an tSómais (uimhir rolla 16283)
- Suíomh:
- Poll an tSómais, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Proinnsias Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Poll an tSómais
- XML Leathanach 517
- XML “Snaidhm na bPéist”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo leigheas ar ghalar a thigeann ar ghamhna óga. Cineál arraing a bhualann iad, agus bíonn siad ag éirigh, agus ag luighe; is cosamhail go mbíonn an-phían orrtha.
Deir cuid de na daoine gur péistí a bhíonn ionta. Gamhain a bhíonn ag eagcaoint mar seo cuireann siad isteach sa stabla é. Gheibheann siad ribín sioda, agus déanann siad snaidhm leis (cosmhail le snaidhm an mhairnéalaigh) os cionn an ghamhna in ainm an Athar, an Mhic, agus an Spiorpaid Naoimh. Craitheann siad braon uisce coisreactha annsin air.
Tugann siad deoch uisce agus salann measgtha nn dó agus tigeann biseach air.