Scoil: Clún na Gaoithe (uimhir rolla 8740)
- Suíomh:
- Cloongee, Co. Mayo
- Múinteoir: Pádraig Ó Héaráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Má bhíonn na géanna fiadháine ag dhul thart sin comharta báistighe.
Má tá asal in a sheasamh le claidhe agus a thóin le gaoth sin comhartha báistighe.
Má chloiseann tú an abha ag sgreadach sin comhartha nach seasfaidh an lá sin.
Má tá an coileach ag glaodhach go hárd sin comhartha go seasfaidh an lá sin.
Má fheiceann tú sgiatháin ar na siongáin agus iad ag eitilt thart sin comharta eile go mbeidh báisteach againn.
Má tá ceo ar an abhann sin comartha maith go mbeidh aimsir bhreágh againn go ceann tamaill.