School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)
- Location:
- Roosky, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Chorraidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ní féidir le duine a bheith ciallmhar agus díchéillí, agus ní gnách duine ciallmhar a bheith i gcomhluadar duine dhíchéillí.124. Is túisce deoch ná scéal. Nuair a théann duine ar cuairt in Éirinn ní chuirtear caint ná caidéis air go dtugtar deoch dó ar dtús. Léiríonn sé seo flaithiúlacht agus mórchroí na nGael.125. Níl luibh ná leigheas in aghaidh an bháis. Ní féidir le héinne éaló ón mbás nuair a thagann sé.126. Teach i mbéal bóthair ní haistear é ach cóngar. Is éasca do dhuine cuairt a thabhairt ar a chairde nuair a bhíonn an teach cois bóthair.127. Is é troid na mbó maol é. Sin troid nó achrann idir cairde nach seasann i bhfad agus nach dtagann aon díobháil as.