Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear ann fad ó shoin agus bhí mac amháin aige...”
(continued from previous page)3270
Chuaidh sé isteach ins a teach, agus d’fhiafruigh
sé a bhfuighead áit bheag annseo.
"Gheobhaidh," arsa siadsan. Nuair a d’éirigh
sé ar maidin lá thar na bhárach d’fhiafruigh
sé goidé bhí sé ag ’ul a dheánamh. "Tá,"
arsa’n maighistir, "cuir a t-eallach sin isteach
i bpáirc na bhfathaigh go dtí ’n oidhche."
D’imthigh sé agus chuir sé’n t-eallach
isteach i bpáirc na bhfathaigh, agus bhí
móran cruinn astoigh annsin agus ubhlaí
a fás ortha. Bhí ubhlaí milis ortha agus
ubhlaí searbha. Chuaidh sé suas ar na crainn
agus chuaidh sé a d'ithe na n-ubhlaí milise
agus chuaidh sé a chathamh annuas na n-ubhlaí
searbha innseoir an eallach.
Chuir sé abhaile an t-seallach tráthnóna,
agus ní rabh dol ag bunadh an toighe áit
fhághail dó’n bhainne. Cé’n áit a rabh ’n
t-eallach seo aghat a mhaidin," arsa bean
aca, "nuair nach bhfuil dol aghainn soithigh
a fhághail dó’n bhainne?"
"Is cuma díbh cá rabh siad, ach tugaigidh
damh mo shuipear agus leigigidh a luighe mé.
(Sin an rud adubhairt an tseanchaidh)(continues on next page)