Scoil: Mín an Tóiteáin
- Suíomh:
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Conall Mac Cuinneagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Tóiteáin
- XML Leathanach 653
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d’fhiafruigh sí diobhtha cá rabh an cháilin seirbhise a bhí acha anuraidh D’íarr siad uirthe annsin a bhéith ag dul abhaile mur ndhéanfadh sí é. Nuair a bhí sí ag imteacht ó’n teach dubhairt fear acha gurbh é an pronntanas a bhearadh seisean duithe í a bhéith níos gráithe an uile lá na bhí sí indé roimhe sin. Dubhairt an dara fear go gchuirfeadh sé féasóg uirthe go fada is bhéadh ar sméigin gabhair dubhairt an tríomhadh fear gurbh é an pronntanas a bhéarfadh seisean duithe í bas tobhann a fhághail chuaidh sí abhaile annsin agus cá (rabh) mhór nár aithin a mháthair í bhí sí go gránna míofár sin (go) ó d’imthigh sí. Tharlaidh gach rud mar dubhairt na fir beaga san coillidh. D’éirigh ingéan an ghréasaidhe chómh doighéamhail sin go rabh trácht uirthí in gach aon áit, thall agus í bhfós agus tháinig an t-óganach ba saidbhre sa tír agus phós sé í. D’éirigh inhéan an bhaintreabhaighe go gránna go b’éigin dó’n mháthair í a congbhail í bhfolach í ghcómhnaidhe agus í a gcíonn bliadhain Fuair sí bás go tobhann agus ba é(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Doire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnaill Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín Doire Thoirc, Co. Dhún na nGall