Scoil: Mín an Tóiteáin

Suíomh:
Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Conall Mac Cuinneagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 463

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 463

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Tóiteáin
  2. XML Leathanach 463
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean - Sgéal
    Am amháin bhí fear ann agus bhí sé na chomhnuide i Loch-an-Iubhair. Eogain O’Baoigill a bhí mar ainm air agus bhí teaghlach mór aige. Oidhche (mór) amháin aonaigh tháinig bó go dtí an doras agus d’éirigh an fear agus leig sé an bó isteach agus bhlig se an bhó, agus thug sé an bainne do na paiste. Nuair a d’éirigh an fear ar maidin bhí gamhain óg ag an bhó. Choinnigh siad bhó go rabh seacht ngamhna aici. Nuair a thiocfadh an fear isteach bhéadh an t-eallach fríd na preataí a bhí an fear a chur. Lá amháin nuair a cuaid sé amach bhí siad fríd na preataí agus bhí fearg ar an fhear agus dubhairt se, an fear a chuir (cumag) chugam sibh go dtugaidh se uaim sibh. Annsin d’éirigh fear amuigh i n-Óilean Úr, agus dubhairt sé, Teith, Teith, a Mhaol Or, a laogh mhór go gamhain agus d’ímthigh an bhó agus na seacht ngamhna amach ar an loc agus chuaidh siad síos go bun na locha agus ní fhacfas iad níos mó.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Méadhbha Ní Chearrain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Mín Leic na Leabhar, Co. Dhún na nGall