Scoil: Mín an Tóiteáin
- Suíomh:
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Conall Mac Cuinneagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Tóiteáin
- XML Leathanach 443
- XML “Seanphiosrogaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Snaidhin na peiste.
Da mbhéadh bó tinn ag duine ar bit thiocfadh leobhtha gíota chorda a fhághail agus snaidhin a chur air trí uaire agus dá dtiocfadh an snaidhin an snaidhin amach na trí uaire déirtear go bhfuigheadh an bó biseach, agus muna dtiocfadh an snaidhin amach ní bhfuigheadh an bó biseach.
Oidhche Fhéil Brighdhe.
Ar oidhche fhéil Brighdhe í gchomhnuidhe bhéadh brúitín ag na daoine, seo e an dóigh leis an brúitín a dhéanamh. Bhéirfeadh na daoine leobhtha tobán préataí agus iad a nigh agus an crochan a bhaint daobhtha, agus iad a nigh í dtrí uisge agus an pota a nigh fosta agus iad a chuir síos agus nuair a bhéadh siad bruithte iad a bhruigheadh agus nuair a bhéadh siad leath bruighte báinne a chur isteach ortha agus iad a bhruigheadh aráis. Nuair a bhéadh siad bruighte annsin cupla soitheach brúithin a bhaint amach as an pota fá choinne na fír agus fód mór ime í na lár agus spanóg ag achan duine (achan) aca agus nuair atá na fír ag ithe bhíonn cochan aca faoí’n tabla san am chéadna agus fágtar amuigh cleibh brátogaí fosta agus bíonn báll le achan duine(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siubhan Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Doire Thoirc, Co. Dhún na nGall