Scoil: Mín an Tóiteáin
- Suíomh:
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Conall Mac Cuinneagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Tóiteáin
- XML Leathanach 442
- XML “Pósaítha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Pósaidhtha.
I bfad o shoin nuair a bheadh na daoine ag fághail pósta, chaitfhead siad siubhail an bealach ar fad. Ní rabh gluastáin no carraí ar bith acha. D’ímthigheochaidh siad leóbtha ag siubhail. Bheadh dhá fhear agus dhá bhean ann, bhíonn an fear agus an bhean a bhíonn ag gábhail a fhághail pósta ann agus bhíonn fear agus bean eile ann. Imthigeann siad leobhtha annsin go dtí an Teach a Phobhail agus póstar iad annsin. Nuair a thigheas siad na bhaile bíonn pota mór préataí bruidhte ag muinntir an toigh agus bíonn pota mór eile acha lán de fheoil agus sugh. Cuireann siad an tábla amach i lár an úrlar agus cuirtear na preataí amach ar an tábla agus cuirtear an sug amach ar plataí agus toiseochaid siad ag ithe agus ag ól. Bíonn bainnéis mhór acha ag ól uisce beatha agus ag damsa leobhtha go dtí an cúig na a sé a chlog ar maidin. Annsin d’imtigheochadh an sgaifte na bhaile uilig agus bhéadh an lanamháin fágtha leó fhéin.- Bailitheoir
- Siubhan Ní Chéarrain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cró na Sealg, Co. Dhún na nGall