Scoil: Mín an Tóiteáin

Suíomh:
Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Conall Mac Cuinneagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 425

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 425

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Tóiteáin
  2. XML Leathanach 425
  3. XML “Tomhasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tomhaiseanna
    Gamhna geala bána, ní ólann siad bainne agus ní itheann siad féar agus ní fearr leobhta na thraigh é no i lár an lan-mhára. Réidhteach = Faoileogaí bána.
    Tchímh é agus ni fheiceann tusa é agus tá sé níos comgaraighe duit-sé nó tá sé damh-sa. Réidhteach = Cúl do cinn.
    hata beag mo sean-dhuine thuit sé isteach san fhairre. Níor stad sé ariamh de bogadaigh go deachaidh sé anonn go Meiricea. Réidhteach = Cabhair a bhíos ar an uisge.
    Caidé tá lán agus a chongbhuigheas tuilleadh? Réidhteach = Pata préataí nuair a chuirtear uisge ortha.
    Chuaidh fear amach a bhaint féir lá amháin. An méidh a bháin sé chaith sé na dhiaidh é, agus an méidh nar bháin sé thug sé leis é. Réidhteach = Fear ag baint na féasóige do fhéin
    Caidé a bhéas istigh sa lá agus théid amach san oidhche? Réidhteach = Solas an lae.
    An fear a rinne é, rinne sé le na dhíol é, agus an fear a cheannuigh é ní chaith sé ariamh é, an fear a chaith é
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sighle Nic Suibhne
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Brighid Nic Suibhne
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall